Ciorcal Comhrá Choláiste na Tríonóide Reáchtáladh ciorcal comhrá Choláiste na Tríonóide ar líne i mbliana agus thug sé deis don phobal ollscoile agus do phobal níos leithne a bheith i measc comhluadair Ghaelaigh ar líne gach seachtain. Rinne roinnt de na daoine a bhíonn i láthair ann cur síos ar an tairbhe a bhaineann siad as an ócáid seo, go háirithe le bliain anuas. Irene Duffy Lynch Chaith Irene seal ag múineadh agus ag obair sna meáin chumarsáide i nGaeilge agus i mBéarla san Eoraip, sna Stáit Aontaithe agus san Afraic. Tá dhá leabhar scríofa aici agus rinne sí aistriúchán ar shaothair John McGahern agus Chinua Achebe ó Bhéarla go Gaeilge. Teacht le chéile aoibhinn, cairdiúil agus éifeachtach is ea ciorcal comhrá Choláiste na Tríonóide a bhíonn ar líne uair sa tseachtain ó thus na paindéime, ach a bhíonn sa Bhutrach de ghnáth. Tá lucht an chomhrá, atá faoi stiúradh cumasach Oifig na Gaeilge, déanta suas den aos óg (mic léinn ina measc) agus daoine níos sine – cainteoirí de gach sórt agus iad díograiseach, cairdiúil agus léannta. Bíonn comhluadar idirghlúine den scoth i réim de shíor. Déanaim féin sáriarracht a bheith i láthair i gcónaí mar bainim taithneamh as cuimse as. Tomás McShane Is as North Carolina do Thomás agus tá sé ina chónaí i Luimneach. Is ceoltóir clasaiceach é agus seinneann sé an vióla agus an fhidil. Múineann sé ceol do dhaoine óga freisin. Ba é staidéar na Gaeilge an rud ba mhó a choinnigh amach as teach na ngealt mé le bliain anuas agus thug ciorcal comhrá ar líne Choláiste na Tríonóide deis rialta dom labhairt agus casadh le daoine. Nuair a bhí mé i mo chónaí i mBÁC, bhí an t-ádh orm dul go dtí An Bhutrach agus an ciorcal comhrá ar siúl lá amháin sa bhliain 2019. Bhí comhluadar bríomhar ann idir mhic léinn i mbun staidéir ar chúrsaí difriúla agus iad ina suí le daoine a raibh blianta de thaithí saoil acu – fir agus mná gnó, iarshaighdiúirí, ceoltóirí, scríbhneoirí, dochtúirí, srl. D’fhoghlaim mé an t-uafás i dtaobh na Gaeilge agus saol na hÉireann de ón gcomhluadar iontach seo, agus táim an-bhuíoch a bheith páirteach i bpobal Gaeilge Choláiste na Tríonóide! An Dr Joanne Kenny Is Comhalta Taighde í an Dr Joanne Kenney i Scoil na Síceolaíochta agus in Institiúid Néareolaíochta Choláiste na Tríonóide. Tá sí ar choiste Chéimithe Ban Choláiste na Tríonóide agus tá sí ina Comh- Stiúrthóir ar Women in Research Ireland. Nuair a bhí mé óg, chuaigh mé chuig bunscoil lán-Ghaeilge i gCathair na Gaillimhe. Tá cuimhní deasa agam ar an am sin agus tá áit speisialta i mo chroí don teanga. Tugann an ciorcal comhrá i gColáiste na Tríonóide an deis dom mo chuid Gaeilge a choinneáil beo. Le linn na paindéime, ba dheis shóisialta thábhachtach é dom. Bhuail mé le go leor daoine suimiúla de gach aois agus bhí go leor comhrá agus an-spraoi againn gach seachtain. Más mian leat a bheith páirteach sa chiorcal comhrá, cliceáil anseo le do thoil
Download PDF file