Ó NUA-EABHRAC GO COLÁISTE NA TRÍONÓIDE Is mac léinn céad bhliana é Pádraig Mac Brádaigh ó Nua-Eabhrac atá i mbun céime sa Luath agus sa Nua-Ghaeilge. Tá Pádraig féinmhúinte agus d’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge ón idirlíon agus ó thréimhse samhraidh a chaitheamh i nGaeltacht Chonamara. Thosaigh m’aistear leis an Ghaeilge nuair a bhí uaim tuilleadh a fhoghlaim faoi m’oidhreacht chultúrtha féin. Bhí mé ag iarraidh staidéar a dhéanamh uirthi i gColáiste na Tríonóide toisc gur thaitin an bhéim ar Ghaeilge na hAlban liom. Ní thig liom friotal a chur ar an mothúchán a tháinig orm nuair a bhí mé ábalta an Ghaeilge a labhairt go laethúil faoi dheireadh i ranganna agus i m’árasán féin i Halla na Tríonóide mar bhall den Scéim Cónaithe. D’oscail an teanga doras dom go cairde nua agus go daoine as gach cearn den oileán trí chumainn amhail An Cumann Gaelach. Cé gur bliain acadúil eisceachtúil a bhí ann de dheasca na paindéime, níl amhras ar bith orm gur chuir an Ghaeilge le m’eispéireas pearsanta mar gheall ar an dlúthphobal iontach a throideann ar a son. AISTRIÚCHÁN AR ÓRÁID STAIRIÚIL NA BANGLAIDÉISE Iarradh ar Choláiste na Tríonóide aistriúchán ar leith a chur ar fáil d’Ard-Choimisiún na Banglaidéise i Londain i mbliana. Mar chuid de chomóradh céad bliain ó rugadh bunaitheoir na Banglaidéise, Bangabandhu Sheikh Mujibur Rahaman, rinneadh aistriúchán ar an óráid stairiúil a thug sé in Dhaka ar an 7 Márta 1971 go Gaeilge. Spreag an óráid seo muintir na Beangáile chun éirí amach ar son an neamhspleáchais. Tá go leor cosúlachtaí ann idir stair na Banglaidéise agus stair na tíre seo agus a streachailt ar son na saoirse agus na teanga. Sheol Aire Gnóthaí Eachtracha na Banglaidéise leaganacha Gaeilge, Breatnaise agus Albanacha den óráid ar an 8 Márta 2021. Céimí de chuid Roinn na Gaeilge, Ross Ó Colmáin, a rinne an t-aistriúchán Gaeilge le tacaíocht ón gCeann Roinne, an Dr Eoin Mac Cárthaigh. AN SCÉIM CÓNAITHE Chum grúpa mac léinn ar an Scéim Cónaithe suíomh litríochta i mbliana chun cumadóireacht, filíocht agus aistriúchán i nGaeilge a roinnt. Is féidir teacht air anseo. Rinne na mic léinn ar an Scéim Cónaithe agallamh an-spéisiúil leis an scríbhneoir agus cumadóir cláir faisnéise, Manchán Magan, agus is féidir teacht ar an agallamh trí chliceáil anseo. Cliceáil anseo chun an t-alt seo a léamh i mBéarla Oifig na Gaeilge ar na meáin shóisialta: @GaeloifigTCD @GaeloifigTCD @GaeloifigTCD
Download PDF file